Raidió na Gaeltachta agus a lucht éisteachta sa lá atá inniu ann

Freastalaím faoi láthair ar chúrsa chun an Dioplóma sa Ghaeilge C1 a bhaint amach, curtha in eagar ag OÉ Gaillimh / Ionad Seachtrach Bhaile Átha Cliath. 
Bhí tionscnamh le déanamh againn don ábhar “Saíocht na Gaeilge”, agus roghnaigh mise ‘Stair na Meán Cumarsáide Gaeilge / Raidió na Gaeltachta.’ 
Rinne mé suirbhé ar-líne, d’iarr mé (.i. @SabineAgSpraoi) trí Twitter é a líonadh isteach, agus fuair mé 58 freagra. Is féidir iadsan a fheiceáil ar SurveyMonkey; agus má tá spéis agat sa tátal a bhain mise amach astu, lean ort ag léamh! [Má fheiceann tú botúin, abair liom – tá mé ag foghlaim fós! GRMA!]

Raidió na Gaeltachta agus a lucht éisteachta sa lá atá inniu ann: Mo shuirbhé

Rinne mé suirbhé chun a fháil amach céard iad na tuairimí atá ag luch éisteachta Raidió na Gaeilge. D’fhoilsigh mé an suirbhé ar Surveymonkey.com agus d’iarr mé ar Twitter é a líonadh isteach. I gceann 8 lá, fuair mé 61 freagra. Níor úsáid mé na trí chinn ó dhaoine nach éisteoirí le Raidió na Gaeltachta iad, agus bhí 58 fágtha agam. Tríd an cheistneoir, bhí mé ag iarraidh na ceisteanna a leanas a fhreagairt.

  1. Céard iad na héisteoirí Raidió na Gaeltachta? Cá bhfuil siad lonnaithe? An Gaeilgeoirí ó dhúchas / ón Ghaelscolaíocht iad?
  2. Céard iad na cláir a n-éisteann siad leo?
  3. An bhfuil na héisteoirí sásta leis an tslí ina gclúdaítear an Ghaeltacht / an chuid eile den tír?
  4. Céard iad na téamaí a mbíonn spéis iontu – an téamaí iad a bhaineann leis an Ghaeltacht faoi leith nó téamaí níos forleithne?
  5. An bhfeidhmíonn R na G mar Raidió na Gaeltachta nó mar Raidió na Gaeilge / na Gaeilgeoirí?

Seo iad na ceisteanna; agus anois na freagraí:

  1. Ón 58 a thug freagraí dom, éisteann níos mó ná 50 % (beagnach) gach lá le R na G, agus 31 % cúpla uair sa tseachtain: Is éisteoirí fíor-dílis iad: 81 % ag éisteacht ar a laghad cúpla uair sa tseachtain.
  2. Má fheictear ar na cainteoirí ón dúchas, tá an uimhir seo níos airde arís: Éisteann 62.5% acu (beagnach) gach lá. Agus maidir leis na daoine a d’fhoghlaim a gcuid Gaeilge i gnáth-scoileanna, nó trí ranganna, éisteann 53.1% (beagnach) gach lá agus 34.4% cúpla uair sa tseachtain. Is é an lucht Gaelscolaíochta an lucht a n-éisteann is lú: Éisteann 28% an lucht Gaelscolaíochta (beagnach) gach lá, agus 28% acu cúpla uair sa tseachtain.
    Ó thaobh áit cónaithe de, tá 45 % óna daoine i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin  ag éisteacht gach lá, agus 100% na ndaoine le cónaí sa Ghaeltacht (an triúr acu). I mBéal Feirste agus Doire, éistear píosa níos lú go laethúil: 33.3% – ach le 66.7% ag éisteacht cúpla uair sa tseachtain, bíonn 100% ag éisteacht go rialta! Agus óna daoine thar lear, tá 67% ag éisteacht (beagnach) gach lá. Dochreidte! [1]
  3. Is é an clár a n-éisteann is mó daoine leis cúpla uair sa tseachtain nó níos mó ná Rónán Beo @ 3 (64.6%). Tá Iris Aniar (57.6%), Adhmhaidín (55.9%), agus Glór Anoir (53.6%) sa dara, sa tríú  agus sa cheathrú háit.
    Braitheann an clár a n-éistear ar an áit cónaithe, freisin: Tá 83.3% ón lucht as Béal Feirste / Doire ag éisteacht le Rónán cúpla uair sa tseachtain nó níos minice (50% gach lá).
    Cheapfá go n-éisteadh na daoine i mBÁC agus i gCill Mhantáin níos mó le Glór Anoir ná le Rónán Beo @ 3 nó le hIris Aniar, ach ní hé an cás é! Éisteann an chuid is mó acu le hAthmhaidin (66.6%), agus le Nuacht a Sé (66.6%), ansin Iris Aniar (55.5%) agus Rónán (53.4%). Éisteann 33.3% cúpla uair sa tseachtain le Glór Anoir (i gcomparáid le 53.3% ar an iomlán).
    Níl sách freagraí ón Ghaeltacht agam chun na roghanna a dhéanann iadsan a phlé anseo.
  4. Go ginearálta, tá is mó spéise láidir ann i dtéamaí mar chúrsaí reatha náisiúnta (54.9% *****), cultúr Éireannach (51.9%) agus Gaeilge mar theanga (44.9%). Níl mórán suim ag daoine i gcúrsaí spóirt áitiúla (22.2% *), nó Cúrsaí spóirt náisiúnta agus idirnáisiúnta (20.4%).[2]
  5. Déanann R na G an-jab don Ghaeltacht, gan an iomarca a dhéanamh dí[3], ach níl na héisteoirí sásta leis an tslí ina gclúdaítear Baile Átha Cliath agus and tír ar fad[4].  Tá an difríocht is mó idir “aontaím” agus “easaontaím” le feiceáil leis an abairt “Bheadh Raidió na Gaeilge níos fearr ná Raidió na Gaeltachta.“[5]

Ansin, cad is féidir liom a rá faoi Raidió na Gaeltachta agus a lucht éisteachta?

Caithfidh mé focal rabhaidh a rá. Ní féidir an iomarca a bhunú ar 58 freagra. Mar shampla, ní bhfuair mé ach 3 freagra as daoine atá lonnaithe sa Ghaeltacht. B’fhiú é suirbhé níos forleithne a dhéanamh. Fós, is féidir treochtaí a fheiceáil. Freastalaíonn Raidió na Gaeltachta níos mó ar lucht na Gaeltachta nó ar na Gaeilgeoirí eile. Tá spéis i rudaí ginearálta nach mbaineann amháin leis an Ghaeltacht ag an lucht éisteachta. Éisteann a lán daoine atá lonnaithe thar lear le Raidió na Gaeltachta, agus bíonn go leor acu ag úsáid na Gaeilge go laethúil.

Má smaoiním ar athbheochan na Gaeilge atá ar siúl, agus ar an líon cainteoirí ar fud na tíre, agus ar fud an domhain, ceapaim gur gá le hathbhreithniú ar Raidió na Gaeilge. Ba chor go mbeadh raidió náisiúnta na Gaeilge ann. Is féidir, i mo thuairim, le Raidió na Gaeltachta a bheith ina raidió náisiúnta na Gaeilge don tír iomlán, nó do na Gaeilgeoirí iomlán fiú. Is cuma faoin ainm atá ar, chomh fada is a fhreastalaíonn sé ar gach huile cainteoir.

Conclúid

  1. Is rud tábhachtach iad na meáin chumarsáide Ghaeilge, agus baineann tábhacht faoi leith le Raidió na Gaeltachta mar stáisiún náisiúnta na teanga. Ó bhunaigh R na G, ba é an Ghaeltacht a fhócas. Fós, éisteann go leor daoine nach bhfuil lonnaithe sa Ghaeltacht leis, agus tá suim acu i rudaí níos forleithne ná saol sa Ghaeltacht amháin (gan a rá nach bhfuil spéis acu i saol sa Ghaeltacht!).
  2. De réir mo shuirbhé, feidhmíonn R na G mar Raidió na Gaeltachta ach ba mhaith le go leor éisteoirí go mbeadh sé ina raidió Gaeilge náisiúnta.

[1] Ní ach 28% cainteoirí ón dhúchas iad na daoine thar lear, agus labhraíonn 66.7% acu Gaeilge (beagnach) gach lá.

[2] Téamaí eile ainmnithe: Cursaí reatha san Oirthear; Gnáthábhar nuachta ach é trí theanga na hÉireann.; Cúrsaí gnó agus tomhaltóireachta.; Ceol nua aimseartha Hollywood agus na réaltaí ann Scéalta Dramaiocht; Scéalaíocht. Cursíos ar fhocail, ar a sainmhíniú agus a chúlra srl; Scéaltaí reatha.; Ábhair ón gcartlann; litearthacht nua Ghaeilge (nua aimseartha) cláracha faisnéise faoi stair nó spéis duine daonnra srl.

[3] Aontaíonn 84.6% go bhfreastalaíonn R na G go maith ar mhuintir na Gaeltachta – agus ní cheapann ach 36% go bhfuil an iomarca ar R na Ga nach mbaineann le héisteoirí ó áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht.

[4] Ní cheapainn ach 38.5% go bhfuil BÁC clúdaithe go maith (ag Glór Anoir, m.sh.), agus tá an uimhir níos lú arís don tír ar fad (sna cláir éagsúla): Aontaíonn  33.3% go bhfuil sé clúdaithe go maith.

[5] 44% a n-aontaíonn (34% “aontaím go hiomlán”) agus ar an taobh eile 34% a easaontaíonn (30% “easaontaím go hiomlán”).
  1. #1 le aonghus ar Márta 7, 2012 - 9:39 rn

    Botún a bheadh ann, dar liom, freagracht iomlán do Seirbhísí Raidió RTÉ tré Ghaeilge a leagann ar RnaG amháin.

    Ina áit, ba cheart díriú ar cláir i nGaeilge agus dhátheangach a chuir ar fáil ar RTÉ1, 2FM agus LyricFM.

    Scannal atá ann nár cuireadh stáisiún Gaeilge digiteach leis an bpunann stáisiúin a chuir RTÉ ar fáil go dtí seo. Tá deis leis an ré digiteach i bfhad níos mó sainchláir a chuir ar fáil.

    Agus ní ceart neamhaird a dhéanamh ar Radio na Life agus na stáisiún pobail eile, m.sh Near FM, Gan trácht ar leithéidí Splanc ar Newstalk, nó an Barr 40 a chuireann UCÉ ar fáil as Gaeilge do stáisiún tráchtála.

    B’fhiú duit súil a chaitheamh ar http://cogar.ie/

    • #2 le Sabine McKenna ar Márta 7, 2012 - 5:12 in

      Go raibh maith agat, a Aonghus, smaointe suimiúla atá ann anseo! Bhí mo thionscnamh dírithe ar R na G amháin, ach fós – b’fhiú féachaint ar R na Life agus cláir dhátheangacha ar RTÉ1, LyricFM srl.
      Chuir duine eile ceist faoi leibhéal na Gaeilge a mbíonn cláir áirithe ar RnaG – aon tuairim faoi?

  2. #3 le aonghus ar Márta 7, 2012 - 5:16 in

    Chuir duine eile ceist faoi leibhéal na Gaeilge a mbíonn cláir áirithe ar RnaG – aon tuairim faoi?
    Sin troid arbh fhearr liom fanacht glan air!

Freagra